Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Ag obair ar na préataí ar Oileán Rossie [ainmnithe mar Inchbroach fosta i mbá Mhonadh Rois (Montrose Bay)] in Albain go dtí mí na Samhna. Bhí an obair sin níos fearr ná a bheith ag fanacht sa bhaile (in Éirinn) gan dada nó a bheith ar shiúl ag obair ar fheirmeacha agus ag déanamh draentaí (draenacha) nó ag tollánú faoin talamh cosúil le luchóga. | 00:00:47 | |
Obair mhaslach sna tolláin agus ag caint faoi na háiteacha garbha inar fhan sé. Donnchadh ag obair sna tolláin – ag fáil £16 sa tseachtain. Ag caint fá gadaíocht, cearrbhachas srl. Bhí 800 fear ann. | 00:05:14 | |
Chaith Donnchadh an chuid is mo dá chuid ama in Albain in Fyfeshire agus bhí cuid mhór fear as Gaoth Dobhair ansin. Ag obair ar an fhéar, na hearraí, biatas siúcra nó tornapaí. Cúpla focal faoi phionnaí coirce. Fear an capaill. Talamh maith in Fyfeshire. | 00:04:01 | |
Nuair a d’fhill Donnchadh chun an bhaile i ndiaidh a chuid oibre in Albain, d’oibrigh sé leis an BSL (ESB) idir 1955 agus 1958 ag cur suas cuaillí ó cheantar na nGleanntach go dtí stáisiún Mhín na Cuinge i nGaoth Dobhair. Thosaigh stáisiún Ghaoth Dobhair ag dó na móna thart fán am sin. Ba £5 sa seachtain a phá ar feadh cúpla bliain. Na deacrachtaí a bhí leis an obair sin go raibh air a bheith ag obair in áiteacha iargúlta sna cnoic. Píosa fada – cuntas maith de na himeachtaí laethúla agus scéala áitiúla a bhí i gceist leis an obair sin. | 00:21:03 | |